ISL IRISH LC Primary Booklet - Flipbook - Page 3
Réamhrá
Cuireadh na sé phlean sa leabhrán seo ar fáil chun tacú le múinteoirí agus iad ag seachadadh an
Modúl Samplach Teangacha do Bhunscoileanna i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann. Tá
an modúl samplach deich seachtaine dírithe ar pháistí i rang 3 go rang 6, i gcomhair suas go haon
uair an chloig in aghaidh na seachtaine air, taobh istigh de ghnáth-amchlár na scoile.
Aidhmeanna an Mhodúil Shamplaigh:
•
Feasacht a ardú i measc páistí ar an réimse teangacha a úsáideann a bpiaraí, Teanga
Chomharthaíochta na hÉireann san áireamh, ina scoilsean agus ina bpobalsan, rud a d’fhéadfadh
tacú le cuimsiú agus tuiscint níos fearr ar an ilchineálacht sa tsochaí
•
Roghnú teangacha a spreagadh san iar-bhunscoil
•
Deiseanna a chur ar fáil do leibhéil níos airde comhoibrithe i measc phobal na scoile, maidir le
ceiliúradh ar theangacha agus ar chultúir
•
Tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise um Theangacha Iasachta
Ba mhaith linn a chur ar bhur súile daoibh nach bhfuil in ord na bpleananna sa leabhrán seo ach
moladh, agus b’fhéidir gur mhaith le roinnt múinteoirí ord eile a leanúint. Leanann an t-ord an dul
chun cinn i rannóga de Phas Teanga na bpáistí áfach, agus iarrtar ar mhúinteoirí na páistí a spreagadh
chun dul i ngleic leis na rannóga cuí agus iad ag foghlaim. B’fhéidir go mbeidh ábhar breise ag teastáil,
físeáin do stór focal faoi leith, íomhánna nó luaschártaí, mar shampla. Tá teacht ar naisc bhreise ar ár
suíomh, agus tá fáilte roimh mhúinteoirí iad sin a íoslódáil.
I ngach plean, tá réimse gníomhaíochtaí chun freastal ar leibhéil páistí éagsúla, ó na páistí is óige i
rang a trí go dtí na páistí is sine i rang a sé. Socróidh múinteoirí cé acu ab fhearr leo a úsáid ina rang,
agus conas iad a leasú le freastal ar an gcomhthéacs atá acu.
An rud is tábhachtaí, molaimid dár gcomhghleacaithe spontáineacht na bpáistí a spreagadh trí spás
sábháilte a chruthú ina dtugtar moladh do gach iarracht, agus ina mbeidh luach ar chumarsáid
seachas ar chruinneas. Tá súil againn go dtabharfar guth do gach páiste, mar aon le deis feiceála agus
cloisteála dá dteangacha. Ar deireadh, tá súil againn go dtacófar libh i dteagasc an mhodúil seo trí
chomhoibriú le múinteoirí eile, mar aon le tuismitheoirí agus caomhnóirí.
3