ISL IRISH LC Primary Booklet - Flipbook - Page 22
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Cad atá ar do Phláta?
Féach
leathanaig
6 - 10
12
Achoimre:
Tá tábhacht faoi leith ag an mbia ar ár saol laethúil, an lá scoile san áireamh. Sa tsraith seo gníomhaíochtaí,
foghlaimeoidh páistí comharthaíocht TCÉ do ghnáthbhianna agus gnáthdheochanna, do nithe atá ina mbosca lóin
agus do nithe is maith leo agus nithe nach maith leo mar aon lena nósanna.
Intinní foghlama:
Trí éispéiris éagsúla foghlama, ba chóir go mbeadh ar chumas páistí...
• Cineálacha bunúsacha bia agus dí a aithint
• Na bianna is fearr leo a roinnt le chéile
• Bianna is maith agus nach maith leo a chur in iúl, le béim ar ghothaí gnúise
• Machnamh a dhéanamh ar an mbealach a n-ordaíonn na daoine bodhra bia i mbialann nó i siopa
Réimsí agus Ábhair
Snáitheanna
Matamaitic
Luathghníomhaíochtaí matamaitice
Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta - Eolaíocht
Ábhair a dhearadh agus
a dhéanamh
Oideachas Ealaíona – Na hAmharc-Ealaíona
Líníocht
Péint agus dath
Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
Mé Féin
Naisc le Curaclam na Bunscoile
Bia tabhair leat a ordú Ceisteanna samplacha
(ag daoine bodhra)
Níl TCÉ ag mórán den noireann a oibríonn i mbialanna nó i mbialanna gasta. Conas is féidir le
daoine bodhra cumarsáid a dhéanamh agus iad ag ordú, dar leat?
An féidir le daoine bodhra bia tabhair leat a ordú ar an nguthán? Luaigh féidearthacht eile ó bhia
a ordú ar an nguthán.
Conas a d9ordófá, dá mbeifeá bodhar nó dá mbeadh lagú éisteachta ort?
Curtha ar fáil ag
22
Tacaithe ag