ISL IRISH LC Primary Booklet - Flipbook - Page 19
Say
Yes
languagesconnect.ie
to Languages
Gnáthlá ar Scoil
Ceisteanna
Oideachas na mBodhar agus Scoileanna na mBodhar:
Scoileanna speisialta, gnáthscoileanna, Aonad na mBodhar, Scoil Chónaithe
Cad is ionphlandú cochla ann?
An dóigh leat go gcaitheann gach bodhar áis éisteachta nó ionphlandú cochla?
An bhfuil aithne agat ar aon duine a bhfuil ceann acu seo thuas acu?
An dóigh leat go gcloisfidh daoine bodhra thú, má tá ionphlandú cochla acu?
Cad é an difríocht idir do scoilse agus scoil na mBodhar?
Cé na dúshlán atá ann do pháiste bodhar i rang i ngnáthscoil, dar leat?
Gníomhaíochtaí molta:
• Glaoigh an rolla, abair na freagraí in éineacht leis na páistí agus beannaigh dá
chéile le comharthaíocht
Sula dtosaímid:
Cad iad na rudaí a dhéanann tú nó
a chomharthaíonn tú beagnach
• Cuir gníomhaíochtaí stór focal i láthair, cinn a bhaineann le gnásanna sa
seomra ranga (caidreamh a bhaineann leis an rolla, laethanta na seachtaine á
rá, oscail do chóipleabhar, cuir suas do lámh, seas suas, suigh síos agus
treoracha eile san áireamh)
gach lá ar scoil?
• Spreag na páistí chun na comharthaí a noghlaimíonn siad a tharraingt. Is féidir
íomhánna a úsáid ó néilirí éagsúla, ó dhialanna scoile agus ó nithe eile chun
laethanta na seachtaine a chur i láthair. Cleacht comharthaíocht do gach lá den
tseachtain, inniu, amárach, inné. Etc.
• Is féidir dul siar ar na huimhreacha 1-7 agus a nascadh le laethanta na seachtaine (imir cluichí bunúsacha cuimhne,
meaitseáil, sórtáil)
• Iarr ar pháistí laethanta na seachtaine a chur de ghlanmheabhair, leis an straitéis is fearr leo; ansin imir cluiche chun fáil
amach cé mhéad lá is cuimhin leo. Tabhair am dóibh agus ansin seiceáil
• Iarr orthu na straitéisí is fearr leo a nótáil ar leathanach 9 den Phas Teanga
• Cuireann an t-oide nathanna coitianta ranga i láthair. Is féidir cártaí a bhfuil nathanna orthu (oscail do chóipleabhar, cuir
suas do lámh, seas suas agus mar sin de) a thabhairt do pháistí, nó is féidir leis na páistí féin iad a dhéanamh
Á sheachadadh ag
Le tacaíocht ó
19