ISL IRISH LC Primary Booklet - Flipbook - Page 18
Say
Yes
languagesconnect.ie
to Languages
Gnáthlá ar Scoil
Achoimre:
Beagnach gach lá sa seomra ranga, tarlaíonn gníomhartha, treoracha agus caidreamh cumarsáideach a úsáideann
an struchtúr céanna agus na patrúin chéanna. Mar thoradh air sin, téann páistí i dtaithí ar an mbrí a bhaineann leis na
gnásanna seo. Is deis iontach iad seo chun na scileanna litearthachta atá acu i dteangacha áirithe a aistriú go teangacha
eile. Sa chéad sraith eile gníomhaíochtaí, déanfaidh páistí iniúchadh ar roinnt de na gnásanna seo, a neartóidh siad le
himeacht ama trí iad a úsáid.
Intinní foghlama:
Trí éispéiris éagsúla foghlama, ba chóir go mbeadh ar chumas páistí…
• Laethanta na seachtaine agus uimhreacha a aithint
• Na straitéisí is fearr leo chun stór focal a noghlaim de
ghlanmheabhair a thabhairt faoi deara
• Freagairt do threoracha simplí sa seomra ranga
• Gléasanna/áiseanna éagsúla éisteachta a aithint
• Machnamh a dhéanamh ar shaol na scoile agus ar chultúr na mbodhar
Réimsí agus Ábhair
Snáitheanna
Oideachas Ealaíon – Na hAmharc-ealaíona
Líníocht
Péint agus dath
Oideachas Ealaíon – Drámaíocht
Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus smaointe a iniúchadh,
agus ansin a thuiscint
Corpoideachas
Gleacaíocht
Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
Mé Féin
Naisc le Curaclam na Bunscoile
Ceisteanna
Oideachas na mBodhar agus Scoileanna na mBodhar:
Scoileanna speisialta, gnáthscoileanna, Aonad na mBodhar, Scoil Chónaithe
Má tá tú bodhar, cén saghas scoile ar féidir leat freastal uirthi?
An dtuigeann tú an difríocht idir na cineálacha scoileanna seo?
An bhfuil a nios agat cén áit a bhfuil na scoileanna seo suite?
Leibhéal bodhaire?
Á sheachadadh ag
18
Le tacaíocht ó