ISL IRISH LC Primary Booklet - Flipbook - Page 12
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Mo Chaitheamh Aimsire
Caitheamh Aimsire
Ceol agus Damhsa i saol na mBodhar
An dóigh leat go gcloiseann na bodhair ceol? Conas? Aon tuairim?
Tá bodhair ann, a bhfuil clú agus cáil orthu as a bheith ag damhsa; conas is féidir leo damhsa gan an ceol a chloisteáil, dar leat?
Samplaí ó Strictly Come Dancing 2021 sa Ríocht Aontaithe, agus Dancing with the Stars SAM:
Rose Alying-Ellis (RA) – faoi láthair, an chéad iomaitheoir
Nyle DiMarco (SAM) 2016 an dara hiomaitheoir agus bhuaigh sé
Marlee Matlin (SAM) 2008 an chéad iomaitheoir
Signmark, rapálaí bodhar as an bhFionlainn
Spóirt
Cluichí Oilimpeacha na mBodhar – cé na difríochtaí atá idir na cluichí seo agus cluichí Oilimpeacha eile (do dhaoine nach bhfuil
bodhar agus Cluichí Parailimpeacha)?
(Is ócáid spóirt é deaüympics.com do shárlúthchleasaithe bodhra a théann in iomaíocht ag leibhéal idirnáisiúnta agus téann sí siar
go dtí na 1990idí)
Cén fáth a bhfuil gá le Cluichí Oilimpeacha na mBodhar, dar leat?
Cé mhéad Éireannach a bhuaigh bonn ag na cluichí sin?
Snámh Mhuir nIocht:
Patricia Hefernan, bodhar Éireannach. Féach ar:
https://www.swimireland.ie/news/diversity-inclusion-patricia-hefernans-story
Gníomhaíochtaí molta:
Sula dtosaímid:
Comharthaíonn an t-oide caitheamh
aimsire is maith agus nach maith
leis/léi. Iarr ar na páistí gothaí gnúise
agus comharthaíocht choirp a
thabhairt faoi deara.
• Taispeánann an t-oide luaschártaí agus caitheamh aimsire orthu, agus iarrann ar
pháistí an chomhartha a thomhas
• Cuireann an t-oide i láthair an comhartha ceart don caitheamh aimsire
• Fiafraigh de na páistí na cineálacha breise caitheamh aimsire nár cuireadh i
láthair cheana
• Imir cluiche 8An rud atá in easnamh9 leis na luaschártaí (féach ar an gcáipéis ar
na cluichí)
• Cuireann an t-oide na luaschártaí in dhá cholún ar an gclár agus comharthaíonn
sé/sí na cinn is maith/nach maith leis/léi
Curtha ar fáil ag
12
Tacaithe ag