Modúl Samplach Bunscoile - Flipbook - Page 9
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Aithne a Chur Ort
Gníomhaíochtaí molta
• Iarr ar pháistí machnamh a dhéanamh ar na focail de réir mar a fheiceann agus a chloiseann siad iad:
- An bhfeiceann tú litreacha aisteacha?
- An féidir leat fuaim na bhfocal a thuar trí fhéachaint ar a litriú?
- An bhfuil aon litir scríofa ann nach bhfuaimnítear?
- An bhfeiceann tú cosúlachtaí idir roinnt focal sna teangacha éagsúla?
• Cuireann an t-oide mothúcháin bhunúsacha in iúl (le puipéad/emoji/pictiúir/gotha gnúise agus/nó comharthaíocht
choirp)
• Gníomhaíochtaí a bhaineann leis an stór focal nua (meaitseáil, an ceann corr, fíor/bréagach, sórtáil)
• Gníomhaíochtaí eile:
- Léiríonn an t-oide mothúcháin éagsúla le comharthaíocht choirp, nó trí chárta a thaispeáint, agus glaonn
páistí amach an focal
- Glaonn an t-oide amach na focail, agus taispeánann na páistí an cárta cuí (as na cártaí a thugtar dóibh)
- Tarraingíonn páistí pictiúr d’emoji bunaithe ar na focail a deir/léiríonn an t-oide
- Insíonn an t-oide don rang conas a mhothaíonn sé/sí anois, agus cuireann sé/sí ceist ar na páistí conas atá
siadsan
- Tugann an t-oide amach cárta rólimeartha (ainm + mothúchán) agus iarrann sé/sí ar pháistí rólimirt a
dhéanamh.
Sula gcríochnaímid:
Dá gcuirfeadh duine é/í féin in
aithne sa teanga a bhfuil staidéar á
dhéanamh agat uirthi, an dóigh
leat go dtuigfeá?
Curtha ar fáil ag
Tacaithe ag
9