ISL IRISH LC Primary Booklet - Flipbook - Page 8
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Aithne a Chur Ort
Féach
leathanach
6
Achoimre:
Tá beannaithe agus an tsli chun muid féin a chur in aithne ar cheann de na chéad ghnásanna is gá a noghlaim faoi
chultúir éagsúla, agus i dteangacha éagsúla. Cuirfidh páistí aithne níos fearr ar a n-oide agus ar a chéile.
Foghlaimeoidh siad conas beannú dá chéile, a n-ainm a mhéarlitriú, agus a mothúcháin a chur in iúl i rólimirt, agus
is féidir leo cleachtadh a dhéanamh le hainmneacha bréige. Tá ár gcéad ainm i gcroílár ár bhféiniúlachta, dá bharr
sin, is gá aird faoi leith a thabhairt ar chruth cuí na lámh agus treoshuíomh ceart i méarlitriú ainmneacha.
Intinní foghlama:
Trí éispéiris éagsúla foghlama, ba chóir go mbeadh ar chumas páistí…
• Beannú don oide agus dá chéile
• Iad féin a chur in aithne dá bpáirtithe ranga agus don oide
• Mothúcháin bhunúsacha a thuiscint, mar a léirítear i gcultúr na mBodhar iad
• Gnásanna bunúsacha i gcultúr na mBodhar a thuiscint
Nóta tábhachtach do mhúinteoirí:
Is teanga amhairc agus spásúil í TCÉ, le gramadach dá cuid féin, agus ní hamháin gurb í teanga na lámh atá i gceist, ach
teanga na haghaidhe agus an choirp freisin. Aithnítear í mar theanga nach síolraíonn ó theanga labhartha agus tá a struchtúir
ghramadaí agus chomhréireacha féin aici.
Seo roinnt samplaí:
Gaeilge labhartha: Carmel is ainm dom TCÉ: MO AINM C-A-R-M-E-L
Tá gluaiseacht choirp agus gothaí gnúise ina gcuid lárnach den chumarsáid chomhniosach
Trí nóta faoi chultúr na mBodhar
• Tá féachaint sa tsúil thar a bheith tábhachtach
• Is nós coitianta é i gcultúr na mBodhar, lámh a leagan ar dhuine chun a (h)aird a náil
• Nós eile a nglactar leis i gcultúr na mBodhar é méar a dhíriú ar dhuine, cé go bhfuil a leithéid drochmhúinte i
gcultúr na ndaoine nach bhfuil bodhar. Is gá do pháistí an difríocht a thuiscint. Sampla: MO CHARA (DÍRIGH MÉAR
UIRTHI agus féach idir an dá shúil uirthi) AINM M-A-R-Y
Naisc le Curaclam na Bunscoile
Réimsí agus Ábhair
Snáitheanna
Oideachas Ealaíon – Drámaíocht
Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus smaointe a iniúchadh, agus
ansin a thuiscint
Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
Mé féin
Curtha ar fáil ag
8
Tacaithe ag