Vocabulary-building Activities and Games (Irish version) - Flipbook - Page 5
Cuir
Fáilte
roimh Theangacha
languagesconnect.ie
Modúl Samplach Teanga do Bhunscoileanna: gníomhaíochtaí chun cur le stór focal agus cluichí don
seomra ranga Nuatheangacha Iasachta agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann
Gníomhaíochtaí agus Cluichí bunaithe ar cheol
Is féidir amhráin agus ceol cúlra dearfach a thabhairt do roinnt gníomhaíochtaí teanga spraíúla. Greamaíonn foinn i d’intinn agus
is féidir amhráin cháiliúla i dteangacha éagsúla, mar shampla, a úsáid chun scileanna teanga a aistriú agus chun stór focal a
fhoghlaim. Tugann amhráin comhthéacs maith chun forbairt a dhéanamh ar scileanna éisteachta agus labhartha, agus chun
aithris a dhéanamh ar fhoghraíocht dúchais. Cuidíonn ceol freisin le cumas na bpáistí cuimhneamh ar an stór focal sna liricí. Seo
roinnt de na gníomhaíochtaí atá oiriúnach do thosaitheoirí óga.
• Is féidir fonn cáiliúil a úsáid chun cleachtadh a dhéanamh ar stór focal a d’fhoghlaim daltaí ar na mallaibh. Is féidir an stór
focal a chur sna liricí. Is féidir gluaiseacht a chur leis an amhrán, mar shampla, trí fhocal faoi leith a thabhairt do gach , agus
iarraidh orthu seasamh suas nuair a chloiseann siad an focal sin.
• Is féidir páistí a spreagadh lena rap féin nó lena n-amhrán féin a chumadh, agus iad ag úsáid an stóir fhocal (uimhreacha,
laethanta na seachtaine, litreacha na haibítre mar shampla) a d’fhoghlaim siad mar liricí agus iad ag obair i mbeirteanna nó i
ngrúpa. Is féidir leo cleachtadh a dhéanamh agus ansin é a chanadh do gach duine eile.
• Tá roinnt amhrán ann a cheanglaíonn liricí le gníomhartha agus is féidir úsáid a bhaint astu le páistí i ngníomhaíochtaí
spraíúla – tá roinnt amhráin cháiliúla mar seo le fáil i dteangacha éagsúla. Chun daltaí a choinneáil spreagtha, is féidir luas an
amhráin a athrú, véarsaí a fhágáil ar lár, agus leasuithe eile a chur isteach.
• In amhráin le rím, uaim agus fuaimeanna ainmhithe tá deis iontach ann chun labhairt faoi ghnásanna éagsúla agus faoi dheirí
focal i dteangacha éagsúla
• Is féidir úsáid a bhaint as físeáin, ina n-insíonn na híomhánna scéal an-simplí sna liricí, chun scileanna éisteachta a neartú, go
háirithe má tá an t-amhrán ar eolas ag páistí cheana i dteangacha eile.
Cluichí bunaithe ar Theicneolaíocht
Ar na suíomhanna gréasáin seo agus leis na huirlisí digiteacha seo, tá a lán cluichí ar fáil ar féidir iad a imirt ar líne:
Educandy
Educandy Tutorial
Quizlet
Quizlet Tutorial
Wordwall
Wordwall Tutorial
Curtha ar fáil ag
Tacaithe ag