Modúl Samplach Bunscoile - Flipbook - Page 5
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Mo Phortráid Teanga
Féach lgh.
3-4
Achoimre:
Na teangacha a úsáidimid, a chloisimid agus a neicimid thart orainn téann siad i bhfeidhm orainn. Déanann gach
duine againn naisc éagsúla leis na teangacha inár saol, úsáidimid i gcásanna éagsúla iad, agus tugaimid luach éagsúil
orthu. Céim thábhachtach chun daoine a chuimsiú é an éagsúlacht teanga seo a thuiscint.
Intinní foghlama:
Trí éispéiris éagsúla foghlama, ba chóir go mbeadh ar chumas páistí...
• fáil amach cé na teangacha a úsáidtear ina scoil agus ina bpobal
• a thuiscint conas atá teangacha éagsúla tábhachtach do dhaoine éagsúla
• léiriú agus míniú a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann leis na teangacha a úsáideann siad, dóibh féin
Naisc le Curaclam na Bunscoile
Réimsí agus Ábhair
Snáitheanna
Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
Mé Féin
Mé Féin agus Daoine eile
Mé Féin agus an Domhan
Oideachas Ealaíon – na hAmharc-Ealaíona
Líníocht
Péint agus dathanna
Gníomhaíochtaí molta
• Cuireann an t-oide a p(h)ortráid teanga féin i láthair agus míníonn sé/sí na róil
éagsúla atá ag teangacha éagsúla ina s(h)aol
Sula dtosaímid:
Tomhais cé mhéad
teanga a úsáidtear inár
scoilne/bpobal
• Oibríonn na páistí ar a bportráid teanga féin (sa Phas Teanga nó ar leathanach ar
leith)
• Cuireann páistí a bportráid teanga i láthair a chéile agus déanann siad
cairt/póstaer ilteangach de na teangacha ar fad óna rang. Scríobhann siad ainm
na dteangacha sa teanga dhúchais (e.g Polski don Pholainnis) agus, b’fhéidir, ainm
na bpáistí san áireamh
• Iarr ar pháistí an ghníomhaíocht ar leathanach 4 den Phas Teanga a dhéanamh:
‘Cén fáth a bhfoghlaimeofá teanga?’. Is féidir iarraidh orthu nóta a dhéanamh de
plé a dhéanamh ar an bhfáth arbh iad sin na cúiseanna is tábhachtaí dóibh
Curtha ar fáil ag
Tacaithe ag
5