LC Work Experience Guidance Counsellors Resourses (IRISH) - Flipbook - Page 5
Gníomhaíochtaí Molta
Gníomhaíocht 2
Am
Cur síos
25/30 nóim
1) Déan an cuspóir foghlama a roinnt leis na scoláirí.
Toradh Foghlama:
An fhoghlaim a aithint
Acmhainní
Doiciméad D:
Mo phróifíl scileanna
2) Déanfaidh na scoláirí tagairt don mhachnamh atá déanta acu sa phaca taithí
oibre. Is féidir é seo a bhunú ar ghníomhaíocht ar bith a rinne siad sa taithí
oibre. Agus Doiciméad D, á úsáid, cruthóidh na scoláirí grafaic leis na
príomhscileanna a d'fhorbair siad sa taithí oibre a aithint. Mínigh dóibh cén
chaoi leis an ngrafaic a líonadh isteach. Is é ‘Mo Phróifíl Scileanna’ an
príomhbholgán. Tá cúig bholgán eile ann le trí mhionbholgán ag gobadh
amach uathu. Déanann gach bolgán scil amháin a léiriú, tá dhá cheann
líonta isteach mar shamplaí. Déanann scoláirí machnamh ar a bhfuil
foghlamtha acu ar thaithí oibre. Ba chóir dóibh tagairt a dhéanamh don
phaca gníomhaíochtaí agus scileanna breise a chur isteach, chomh maith
le samplaí d'úsáid na scileanna seo.
Gníomhaíocht 3
Am
Cur síos
20 nóim
Oibreoidh an ghníomhaíocht seo amach níos fearr má tá rochtain ar
ríomhaire ag na scoláirí.
Toradh Foghlama:
1) Déan an cuspóir foghlama a roinnt leis na scoláirí. Tá dhá fhéidearthacht
ann, ag brath ar réamhthaithí na scoláirí le CV.
Do chuid cumais a scrúdú
agus iad a chur isteach
i do CV.
Réamhriachtanas:
Caithfidh cuntas Europass
a bheith ag na scoláirí
roimh ré
•
Gníomhaíocht 1. Tá cruthú CV déanta agat leis na scoláirí cheana féin.
a) Iarr ar na scoláirí CV a thabhairt isteach.
b) Iarr ar na scoláirí comparáid a dhéanamh idir an CV atá acu agus an ceann
samplach atá ag Europass (Doiciméad E).
c) Caithfidh na scoláirí cuntas saor in aisce a chruthú.
https://europa.eu/europass/ga
d) Líonann an scoláire an CV isteach ar ardán Europass, ag cur taithí oibre
agus scileanna/cumais nua san áireamh.
Acmhainní
e) Déanann na scoláirí (i mbeirteanna) athbhreithniú ar CV a chéile agus
déanann siad plé ar na scileanna a pléadh.
Doiciméad E:
CV samplach ó Europass
NÓ
•
Gníomhaíocht 2. Is féidir é seo a dhéanamh mura bhfuil cruthú CV déanta
agat cheana féin.
a) Is féidir le scoláirí staidéar a dhéanamh ar CV samplach Europass
(Doiciméad E). Is féidir leo obair i ngrúpaí/mbeirteanna le
tobsmaointeoireacht a dhéanamh ar ghnéithe den CV.
b) I mbeirteanna, déanann na scoláirí liosta amach do chritéir ratha CV.
c) Déanann na scoláirí a gcuid CV a chruthú, le taithí oibre/scileanna a
d'fhorbair siad curtha san áireamh. Is féidir leo tagairt siar do na scileanna
a luadh i ngníomhaíochtaí 1 agus 2.
d) Iarrann na scoláirí ar dhuine nó beirt sa rang athbhreithniú a dhéanamh ar
an CV.
e) Ba chóir an leagan deiridh a uaslódáil ar shuíomh Europass.
5