Vocabulary-building Activities and Games (Irish version) - Flipbook - Page 4
Cuir
Fáilte
roimh Theangacha
languagesconnect.ie
Modúl Samplach Teanga do Bhunscoileanna: gníomhaíochtaí chun cur le stór focal agus cluichí don
seomra ranga Nuatheangacha Iasachta agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann
Cluichí Ciorcail agus Cluichí don Halla Spóirt
Cluichí iad seo ina bhfuil gluaiseacht, agus dúshláin nó comhoibriú idir páistí. Is féidir iad a imirt sa seomra ranga, sa halla spóirt
nó i gclós na scoile. Éascaíonn cluichí ciorcail breathnóireacht ón múinteoir agus ligeann sé do pháistí féachaint ar a chéile.
Mothaíonn páistí ar a gcompord mar go bhfuil gach duine ar chomhchéim sa chiorcal, agus ní mhothaíonn aon duine faoi
spotsolas nó fágtha ar lár. Seo roinnt moltaí a d’oibreodh go maith, b’fhéidir, sa chomhthéacs seo.
Sailéad Torthaí
• Déan ciorcal le cathaoireacha na bpáistí, ach fág cathaoir amháin ar lár chun go mbeidh níos mó páistí ná cathaoireacha.
• Roinn na daltaí i ngrúpaí d’uimhreacha, de dhathanna, de bhianna nó de dheochanna nó d’aon stór focal ba mhaith leat a
chleachtadh. Iarr ar dhuine amháin seasamh sa lár.
• Glaonn an duine sa lár amach ceann de na focail, nó déanann sé/sí comharthaíocht air, agus caithfidh na páistí ar fad a bhfuil
an focal sin acu seasamh agus cathaoir nua a fháil.
• Má ghlaonn an duine sa lár amach ‘Sailéad torthaí’ caithfidh gach duine seasamh agus cathaoir nua a fháil.
• An sprioc atá ann ná caithfidh an duine sa lár cathaoir duine eile a ghoid agus iad ag iarraidh teacht ar áit nua. Nuair a
tharlaíonn sé sin, is é an duine gan chathaoir an duine nua sa lár.
Plab
• Iarr ar na páistí suí i gciorcal, agus cuir roinnt luaschártaí i lár an chiorcail.
• Iarr ar na páistí a lámha a chur ar a gcloigeann.
• Déanann an múinteoir comharthaíocht (nó deir) focal don íomhá ar cheann amháin de na luaschártaí, agus ritheann na páistí
chun lámh a leagan air.
• An chéad pháiste a leagann lámh air, coinníonn sé/sí an cárta.
Peannadóireacht
• Imir i mbeirteanna: Tarraingíonn gach páiste, ar a sheal, uimhir ar lámh a pháirtí le méar.
• Coinníonn an páirtí a shúile dúnta agus tomhaiseann sé/sí an uimhir.
Snap Siúil
• Ullmhaigh sraith cártaí, íomhánna ar leath acu agus na focail a mheaitseálann ar an leath eile
• Tabhair cárta do gach páiste. Gan na cártaí a thaispeáint, caithfidh na páistí teacht ar an bpáirtí ranga a bhfuil an leathphéire
aige/aici.
Curtha ar fáil ag
Tacaithe ag