Languages Connect Teachers Guidelines Irish - Flipbook - Page 4
Treoirlínte an Mhúinteora Gníomhaíochtaí
Gníomhaíocht 1
Part B
Obair i
mBeirteanna
Tar éis dóibh breathnú ar an bhfíseán ar bhonn aonair,
i mbeirteanna, pléann na scoláirí na cosúlachtaí atá
idir an bheirt ar na físeáin.
Gníomhaíocht
2
Mataí Boird
Déanann na scoláirí grúpaí de cheathrar agus
roghnaíonn siad mata boird.
Gníomhaíocht
3
Díospóireacht
Siúil
Is féidir leis na scoláirí nótaí a bhreacadh síos ar leathanach A4 nó Mentimeter a úsáid.
Is féidir an comhad Mentimeter a thaispeáint sa seomra ranga.
I bhfocail eile:
a. Roghnaíonn gach scoláire cuid den mhata agus freagraíonn sé/sí na ceisteanna
seo a leanas:
b. ‘’Céard iad na constaicí a bheadh roimh na hagallaithe mura mbeadh an dara
teanga acu?’’ Cuireann na scoláirí a bhfreagraí ina gcuidsean den mhata boird.
(Is féidir iad a chrochadh sa rang mar mheabhrúchán.)
c. Léann na scoláirí gach freagra ón ngrúpa agus cuireann siad an dá fhreagra is fearr
i lár an mhata boird.
d. Déantar plé mar ghrúpa ranga ar na freagraí.
Roghnaigh taobh den rang do dhaoine a ‘’aontaíonn’’
agus bíodh an taobh eile do dhaoine
‘’nach n-aontaíonn’’
Léigh amach na ráitis agus iarr ar na scoláirí seasamh áit éigin ar an líne, chun a
dtuairimí a chur in iúl. (Glac sos tar éis gach ráitis le seans a thabhairt dóibh bogadh).
Ráiteas 1: ‘’Chabhraigh teangacha leis an agallaí gairm a thaitníonn leo a fháil.’’
Ráiteas 2: ‘’Cuireann teangacha deiseanna ar fáil nach rithfeadh leat ar an gcéad
dul síos.’’
Ráiteas 3: ‘’Níor smaoinigh mé ar theangacha mar bhua roimhe seo.’’
Ráiteas 4: ‘’Bíonn teangacha áisiúil i ngairm ar bith’’.
Ráiteas 5: ‘’Chuirfeadh sé le mo chuid deiseanna dá ndéanfainn staidéar ar theanga
san ollscoil’’.
4