LC Work Experience Guidance Counsellors Resourses (IRISH) - Flipbook - Page 4
Suggested activities
Gníomhaíochtaí Molta
Sula dtosaíonn tú…
Caithfidh na scoláirí a bheith tosaithe/críochnaithe
le modúl taithí oibre agus a bheith críochnaithe le roinnt
de na gníomhaíochtaí atá i bpaca gníomhaíochtaí Thaithí
Oibre le Languages Connect.
https://bit.ly/TaithíOibrenahIdirbhliana
Moltar do scoláirí an paca seo, chomh maith le doiciméid a
bhaineann leis an taithí oibre a thabhairt chun an ranga.
D'fhéadfaí tuairiscí taithí oibre a
rinneadh ar scoil a bheith i
gceist chomh maith.
Gníomhaíocht 1
Am
Cur síos
25/30 nóim
1) Déan an cuspóir foghlama a roinnt leis na scoláirí. Mínigh dóibh go
mbeidh orthu breathnú ar an gcaoi ar chabhraigh foghlaim teanga
agus an taithí oibrí leo príomhscileanna a fhorbairt. Ba chóir go mbeadh
paca gníomhaíochtaí Thaithí Oibre le Languages Connect ag na scolaírí
sa rang.
Toradh Foghlama:
Déanfaidh na scoláirí an
taithí oibre a mheas ó
thaobh fhorbairt scileanna
pearsanta de.
Acmhainní
Tá liosta scileanna ag
deireadh gach
gníomhaíochta i bpaca
gníomhaíochtaí Thaithí
Oibre le Languages Connect.
Aithníonn na scoláirí
scileanna a d'úsáid siad, an
chaoi ar tháinig feabhas
orthu agus bealaí chun na
scileanna seo a fhorbairt
tuilleadh.
Doiciméad A:
Puzal Tarsia:
scileanna a thuiscint lch.7
Doiciméad B:
Príomhscileanna a
aithint lch. 8
Doiciméad C:
Mo chuid scileanna lch. 9
4
2) Ar dtús beidh ar na scoláirí tuiscint a fháil ar cad is scileanna ann .Is
puzal Tarsia é Doiciméad A, a chabhróidh leo an tuiscint seo a fhorbairt.
3) Ansin, déanann na scoláirí iarracht príomhscileanna a bhaineann le
foghlaim teanga, scileanna ar tháinig siad trasna orthu sa taithí oibre,
a aithint. Is féidir Doiciméad B a dhéanamh i mbeirteanna nó ar bhonn
aonair.
Léann siad na ráitis chun iad a mheaitseáil leis na scileanna aitheanta.
Cabhróidh sé seo leis na scoláirí a thuiscint go gcuireann
úsáid/foghlaim teanga le forbairt réimse leathan scileanna. (Is féidir
póstaer na scileanna a chrochadh leis an bpointe seo a threisiú.)
4) Ansin breathnóidh na scoláirí ar fhorbairt a scileanna pearsanta féin. I
nDoiciméad C, déanfaidh na scoláirí machnamh ar na scileanna a
d'fhorbair siad ar thaithí oibre.
Ba chóir Rannóg A a dhéanamh ar bhonn aonair.
Oibríonn na scoláirí i mbeirteanna i Rannóg B le plean pearsanta a
fhorbairt chun príomhscileanna a fhorbairt. Is féidir athbhreithniú a
dhéanamh ar an bplean thar an mbliain chun cabhrú leo máistreacht a
fháil ar phríomhscil eile.