Vocabulary-building Activities and Games (Irish version) - Flipbook - Page 3
Cuir
Fáilte
roimh Theangacha
languagesconnect.ie
Modúl Samplach Teanga do Bhunscoileanna: gníomhaíochtaí chun cur le stór focal agus cluichí don
seomra ranga Nuatheangacha Iasachta agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann
Clocha Cora
• Is bealach é seo chun an scór a thaifeadadh i gcluichí agus i dtráthanna na gceist.
• Tarraing abhainn shimplí ar an gclár, agus cuir clocha cora thairsti. Do gach pointe is féidir cloch chóra amháin a scriosadh
amach.
• Nó is féidir dréimire a tharraingt, agus le gach pointe téann an fhoireann suas céim.
Gníomhaíochtaí Lánfh eagairt Ghníomhach
Oireann gníomhaíochtaí TPR (Lánfhreagairt Ghníomhach) d’fhoghlaimeoirí óga agus do thosaitheoirí ach go háirithe, mar nach
gá dóibh focail a rá sa teanga. Ní gá dóibh ach freagairt d’ionchur an mhúinteora le gluaiseacht nó comharthaíocht choirp. Tá
liosta na ngníomhaíochtaí lánfhreagairt ghníomhach an-fhada. Tá roinnt de na cinn is fearr linn don chomhthéacs seo anseo.
Scríbhneoireacht Choirp
• I ngrúpaí, nó i mbeirteanna, déanann na páistí cruth na litreacha nó uimhreacha lena gcorp.
• Mínigh go bhfuil cead acu seasamh suas nó luí síos.
• Glaoigh amach (nó déan comharthaíocht) ar litir agus tabhair nóiméad dóibh iad féin a eagrú.
• Téigh thart ar na grúpaí agus tabhair focail mholta dóibh.
• Is féidir fad a chur leis an ngníomhaíocht seo trí iarraidh orthu focail a dhéanamh.
Buail uair amháin, Buail faoi dhó, Cuir lámh amháin suas, Cuir an dá lámh suas
• Abair focal, nó déan comharthaíocht air, agus tú ag díriú do mhéire ar íomhá.
• Má mheaitseálann an méid a deir tú (nó a chomharthaíonn tú) an íomhá, cuireann páistí suas lámh amháin (nó buaileann
siad bosa uair amháin). Mura meaitseálann siad, cuireann siad an dá lámh suas, (nó buaileann siad bosa faoi dhó).
• Baineann spraoi le luas an chluiche – is fearr é a imirt go tapa.
Seas in Ord
• Tabhair luaschárta do gach páiste agus inis don rang go gcaithfidh siad iad féin a eagrú in ord faoi leith, bunaithe ar na cártaí,
ord aibítre nó ón ní is lú go dtí an ní is mó etc.
• D’fhoghlaimeoirí TCÉ, tabhair cárta do gach páiste ar a bhfuil litir chomharthaíochta (gan an fhoirm scríofa), agus iarr orthu
líne in ord aibítre a dhéanamh.
• Nó is féidir luaschárta a thabhairt do gach páiste, agus ansin léigh nó déan comharthaíocht ar an ord inar mhaith leat go
seasfadh páistí.
• Socraigh duit féin cé chomh tapa nó mall a deir tú nó a dhéanann tú comharthaíocht ar an ordú, chun é a dhéanamh níos
éasca do thosaitheoirí.
Curtha ar fáil ag
Tacaithe ag