LC-TY-Activity Pack IRISH - Flipbook - Page 3
Gníomhaíochtaí teanga a bhaineann leis
an áit oibre, ar féidir iad a úsáid mar
chuid de thaithí oibre na hIdirbhliana
Tá an saol oibre athraithe go mór le 20 bliain anuas. Tá an éagsúlacht in
áiteanna oibre in Éirinn níos mó ná riamh - tagann oibrithe ó thíortha éagsúla
agus labhraíonn siad neart teangacha nach Béarla iad. Nuair a bhíonn scoláirí
ar thaithí oibre, bíonn deis acu machnamh a dhéanamh ar an éagsúlacht seo.
Mar dhaoine a bheidh ag obair in Éirinn, san Eoraip nó in áiteanna eile amach
anseo, is gá a thuiscint go mbeidh úsáid teangacha agus an caidreamh idir
náisiúntachtaí agus cultúir éagsúla níos comónta sa todhchaí.
Déanfaidh an paca gníomhaíochtaí seo an fheasacht a ardú i measc scoláirí
Idirbhliana maidir leis an éagsúlacht san áit oibre, agus spreagfar iad le
machnamh a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le teangacha san áit
oibre.
Gníomhaíochtaí
Cur síos ar an ngníomhaíocht
Am measta leis an ngníomhaíocht
Tá cur síos ar fáil le gach gníomhaíocht
Tá an t-am a mheastar le gach tasc luaite.
Cumas atá ag teastáil
Acmhainní a bheidh uai
Tá leibhéal cumais luaite le gach gníomhaíocht
Tá liosta acmhainní a bheidh ag teastáil luaite le
gach gníomhaíocht
I=
II =
beidh gá le focail agus abairtí gearra
beidh gá le stór focal níos fairsinge
agus abairtí níos faide
Torthaí foghlama a bhfuiltear
ag súil leo
III =
beidh gá le stór focal níos coimpléascachaí
agus abairtí
Tugtar torthaí foghlama a bhaineann le scileanna
agus teangacha le gach gníomhaíocht.
3