ISL IRISH LC Primary Booklet - Flipbook - Page 23
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Cad atá ar do Phláta?
Gníomhaíochtaí molta:
• Glaoigh an rolla, abair na freagraí in éineacht leis na páistí agus beannaigh dá
chéile
Sula dtosaímid:
Samhlaigh go bhfuil tú bodhar
agus go bhfuil rud éigin uait sa
siopa. Conas a dhéanfaidh tú
cumarsáid leis an airgeadóir?
Aon tuairim?
• Comharthaíonn an t-oide agus na páistí an lá den tseachtain atá ann, le
tacaíocht amhairc ón ábhar a chruthaigh siad roimhe seo
• Cuireann an t-oide bianna bunúsacha i láthair, bianna a úsáidtear in oidis go
minic
• Déan gníomhaíochtaí a chuireann le stór focal (meaitseáil, an ceann corr,
fíor/bréagach, sórtáil). Mar shampla, d9néadfaí iarraidh ar dhaltaí na comhábhair
d9oidis faoi leith a bhailiú le chéile, nó an t-aon chomhábhar nach n-úsáidtear in
oideas faoi leith a aimsiú ar liosta
• Imir cluichí ina nascann daltaí dathanna agus bianna
• Bain úsáid as cluichí stór focal chun na comharthaí do bhianna, do dheochanna agus do dhathanna a chleachtadh
• Imir cluiche fíor/bréagach, agus déan comharthaíocht ar bhianna agus ar dheochanna a d9néadfadh a bheith i mbosca lóin
• Cuireann an t-oide béile a thaitníonn leis/léi i láthair, agus é/í ag rá 8Is maith liom9 agus ag déanamh cur síos air.
• Tabhair cuireadh do na páistí an béile is fearr leo a chomharthú, agus spreag iad chun é a tharraingt, a dhathú nó léiriú
amhairc a dhéanamh fiú agus na hábhair éagsúla atá ar fáil dóibh in úsáid
• Imríonn páistí cluichí mata – suimiú agus dealú – bunaithe ar chomhábhair na mbéilí agus ar threoracha an oide
• Spreagann an t-oide an rang chun léiriú amhairc ildaite, ilteangach a chruthú de na bianna is fearr leo
• Spreag na páistí chun machnamh a dhéanamh ar na cosúlachtaí agus ar na difríochtaí idir nósanna itheacháin daoine, agus
ar an stór focal a bhaineann le bia agus deoch i dteangacha éagsúla
Sula gcríochnaímid:
An bhfuil eolas agat ar an
gcomharthaíocht don bhia is
fearr leat? An bhfuil a nios agat
conas iarraidh ar do chairde i
TCÉ cén bia is fearr leo?
Curtha ar fáil ag
Tacaithe ag
23