ISL IRISH LC Primary Booklet - Flipbook - Page 20
Say
Yes
languagesconnect.ie
to Languages
Gnáthlá ar Scoil
Gníomhaíochtaí molta:
• Is féidir cluichí éagsúla a imirt, bunaithe ar na gnásanna éagsúla, ina measc:
- Searáidí (Charades): comharthaíonn an t-oide nath, agus chun an freagra a thomhas roghnaíonn na páistí an cárta
cuí
- Bualadh bos (uair amháin nó dhó): comharthaíonn an t-oide na nathanna agus taispeánann sé/sí íomhánna in ord
randamach. Nuair nach meaitseálann dhá íomhá, buaileann páistí bosa uair amháin; nuair a mheaitseálann dhá
íomhá buaileann siad bosa faoi dhó
- An rud atá in easnamh: Taispeánann an t-oide na nathanna (nó laethanta na seachtaine) ar fad ar an gclár. Ansin
tógann sé/sí ceann amháin ar shiúl ag an am agus comharthaíonn na paistí cé acu ceann atá in easnamh
- Éist agus freagair: tugann an t-oide an nod, freagraíonn na páistí tríd an ngníomhaíocht a dhéanamh (i.e. oscail do
chóipleabhar, cuir suas do lámh)
- Déan slabhra gníomhartha: tugtar gníomh do gach páiste. In ord faoi leith, comharthaíonn agus mímeann gach
páiste an gníomh, agus cuirtear slabhra gníomhartha le chéile. (Is féidir an slabhra a dhéanamh níos tapúla, droim
ar ais, nó in ord randamach)
• Cruthaigh póstaer/póstaeir ilteangach(a) don seomra ranga, le léaráidí agus gnáth-threoracha sna teangacha ar fad a
úsáideann na páistí
Sula gcríochnaímid:
An bhfuil tú ábalta treoracha a leanúint i
dteanga nua? Cé na rudaí / Cén rud is mó a
chuidigh leat focail nua a noghlaim?
Cad a bhí suimiúil, dar leat, faoi chultúr na
mBodhar agus faoi shaol na scoile ag
daoine bodhra?
Á sheachadadh ag
20
Le tacaíocht ó