Vocabulary-building Activities and Games (Irish version) - Flipbook - Page 2
Cuir
Fáilte
roimh Theangacha
languagesconnect.ie
Modúl Samplach Teanga do Bhunscoileanna: gníomhaíochtaí chun cur le stór focal agus cluichí don
seomra ranga Nuatheangacha Iasachta agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann
Tomhais Cad atá Agam
• Taispeáin sraith luaschártaí do na páistí ar fad agus glaoigh amach iad, nó déan comharthaíocht orthu, in éineacht leis an
rang.
• Tabhair cárta do gach páiste.
• Ba chóir do pháistí a rá le chéile: ‘Tomhais cad atá agam’ agus má tá an páirtí ranga mícheart, coinníonn an páiste an cárta.
Má tá an ceart ag an bpáirtí ranga, tógann sé/sí an cárta.
Abairt an-fhad
• Níl anseo ach leagan eile den chluiche cáiliúil ‘Chuaigh mé chuig an margadh agus cheannaigh mé…’.
• Agus tú ag dul thart ar an rang, deir gach páiste an bhunabairt agus cuireann sé/sí focal amháin léi.
• Is féidir leat a iarraidh orthu an focal, nó an dá fhocal dheireanacha a tugadh a rá freisin agus a gceann féin a chur leo, chun
é a dhéanamh níos éasca.
Biongó
• Ullmhaigh cártaí le 6-8 n-íomhá nó uimhreacha 1-12. Ba chóir go mbeadh roinnt íomhánna mar an gcéanna ar na cártaí
agus roinnt díobh éagsúil.
• Imir Biongó. Marcálann páistí na híomhánna ar a gcárta de réir mar a ghlaonn an múinteoir amach iad, nó mar a dhéanann
sé/sí comharthaíocht orthu.
• Is féidir iarraidh ar pháiste a bheith ina ghlaoiteoir.
Caith an Dísle
• Roghnaigh 6 chárta a bhfuil pictiúr ón stór focal orthu agus cuir ar an gclár bán le maighnéid iad.
• Cuir uimhir ar gach cárta 1-6, agus scríobh na huimhreacha os cionn na gcártaí le marcóir clár bán.
• Roinn an rang ina dhá fhoireann.
• Tabhair dísle do pháiste le caitheamh, é mór go leor le feiceáil go héasca. Féachann an rang ar fad chun an uimhir a
thagann suas a fheiceáil. Glaonn páistí an cárta ón stór focal amach (nó déanann comharthaíocht air) agus gnóthaíonn an
chéad pháiste a fhaigheann i gceart é pointe don fhoireann.
• Mura bhfuil an cárta ar eolas ag aon duine, cuir i láthair arís é agus iarr ar pháistí é a athrá. Caithfidh siad iarracht a
dhéanamh cuimhneamh air ionas go mbeidh ar a gcumas é a fháil i gceart an chéad uair eile.
• Is féidir é seo a imirt le huimhreacha amháin, trí iarraidh ar gach páiste an uimhir a chaitheann siad ar an dísle a ghlaoch
amach nó comharthaíocht a dhéanamh air.
Curtha ar fáil ag
Tacaithe ag