Modúl Samplach Bunscoile - Flipbook - Page 18
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Gnáthlá ar Scoil
Gníomhaíochtaí molta
• Taispeánann an t-oide gearrthóg físeáin ina labhraítear an teanga
• Is féidir íomhánna a úsáid ó fhéilirí éagsúla, dialanna scoile agus nithe eile chun laethanta na seachtaine a chur i
láthair. Cleacht abairt a chuireann in iúl cén lá den tseachtain atá ann. Is féidir le páistí cártaí ilteangacha do na
laethanta a dhéanamh, nó póstaer seacht lá a úsáidfidh siad gach lá as seo amach.
• Is féidir na huimhreacha 1-7 a chur i láthair agus a nascadh le laethanta na seachtaine (imir cluichí bunúsacha
cuimhne, meaitseáil, sórtáil)
• Iarr ar pháistí laethanta na seachtaine a chur de ghlanmheabhair, leis an straitéis is fearr leo; ansin imir cluiche chun
fáil amach cé mhéad lá is cuimhin leo. Tabhair am dóibh agus ansin seiceáil
• Iarr orthu na straitéisí is fearr leo a nótáil ar leathanach 9 den Phas Teanga
• Cuireann an t-oide nathanna coitianta ranga i láthair. Is féidir cártaí a bhfuil nathanna orthu (oscail do chóipleabhar,
cuir suas do lámh, seas suas agus mar sin de) a thabhairt do pháistí, nó is féidir leis na páistí féin iad a dhéanamh
• Is féidir cluichí éagsúla a imirt, bunaithe ar na gnásanna éagsúla, ina measc:
- Searáidí (Charades): mímeann an t-oide nath, agus chun an mím a thomhas roghnaíonn na páistí an cárta cuí agus
déanann siad iarracht an nath a rá
- Seas suas má dhéanann tú é seo gach lá: deir an t-oide an nath, agus freagraíonn na daltaí
- Bualadh bos (uair amháin nó dhó): deir an t-oide na nathanna agus taispeánann sé/sí íomhánna in ord randamach.
Nuair nach meaitseálann dhá íomhá, buaileann páistí bosa uair amháin; nuair a mheaitseálann dhá íomhá buaileann
siad bosa faoi dhó
- Cad atá in easnamh: Taispeánann an t-oide na nathanna (nó laethanta na seachtaine) ar fad ar an gclár. Ansin
tógann sé/sí ceann amháin ar shiúl ag an am agus deir na paistí cé acu ceann atá in easnamh
- Éist agus freagair: tugann an t-oide an nod, freagraíonn na páistí tríd an
ngníomhaíocht a dhéanamh (i.e. oscail do chóipleabhar, cuir suas do lámh)
- Déan slabhra gníomhartha: tugtar gníomh do gach páiste. In ord faoi leith, deir
gach páiste an gníomh, agus mímeann sé/sí é ag an am céanna, agus cuirtear
slabhra gníomhartha le chéile. (Is féidir an slabhra a dhéanamh níos tapúla, droim
ar ais, nó in ord randamach)
Sula gcríochnóimid:
An bhfuil tú ábalta treoracha
a leanúint i dteanga nua?
Cé na rudaí / Cén rud is mó a
chuidigh leat focail nua
• Cruthaigh póstaer/póstaeir ilteangach(a) don seomra ranga, le léaráidí agus
a fhoghlaim?
gnáth-threoracha sna teangacha ar fad a úsáideann na páistí
Curtha ar fáil ag
18
Tacaithe ag