ISL IRISH LC Primary Booklet - Flipbook - Page 16
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Cuir san Áireamh Mé
Gníomhaíochtaí molta:
• Cuir liosta teoranta nithe (troscán, agus gnéithe eile den seomra, fuinneoga/doirse/binsí, nithe i mála scoile) i láthair sa
seomra ranga agus imir cluichí a úsáideann uimhreacha chun na nithe seo a chomhaireamh. Fiafraigh de pháistí cé mhéad
de ní faoi leith atá ann/acu, agus beidh orthu sin a mheaitseáil leis an uimhir cheart
• Is féidir le páistí cártaí a chruthú ar a bhfuil uimhreacha, agus iad a úsáid chun dúshlán a thabhairt dá chéile maidir le
suimeanna simplí
• Is féidir cártaí biongó a thabhairt do pháistí, nó is féidir leo féin iad a dhéanamh agus ansin an cluiche a imirt. Cluiche eile:
tabhair uimhir do gach páiste agus iarr orthu na huimhreacha a chomharthú i slabhra (tabhair treoracha éagsúla chun
éagsúlacht a chur sa chluiche: léim gach dara uimhir, comhair droim ar ais, gach uair a dhéanaimid botún tosóimid arís)
• Is féidir a lán cluichí gníomhacha a imirt le huimhreacha, an cluiche 8Gabh an Bhratach9 san áireamh, nó téadléimneach agus
tú ag comhaireamh. B9néidir go mbeidh oraibh dul lasmuigh den seomra ranga chun iad seo a imirt chun spás taobh
amuigh nó sa ghiomnáisiam a úsáid
• Cuir uimhreacha simplí (1 go 12) i láthair
• Fiafraigh de na páistí an féidir leo uimhreacha a chomharthú i dteanga chomharthaíochta ar bith eile. An bhfuil aon rud a
chuir iontas orthu nó a bhí suimiúil dóibh faoi chomharthaíocht a dhéanamh ar uimhreacha?
Sula gcríochnaímid:
Cé na rudaí / Cén rud is mó a chuidigh leat
uimhreacha agus focail eile a noghlaim? An
dóigh leat go mbainfeá sult as a bheith ag
féachaint ar amhráin i dteangacha
comharthaíochta eile?
Curtha ar fáil ag
16
Tacaithe ag