Modúl Samplach Bunscoile - Flipbook - Page 14
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Cuir san Áireamh Mé
Féach lgh.
6 - 10
Achoimre
Is cuid den chaidreamh cumarsáide laethúil iad uimhreacha agus comhaireamh. Tá roinnt scileanna matamaiticiúla
ag páistí cheana féin, agus tá ar a gcumas focail a cheangal le siombailí uimhriúla sna teangacha a bhfuil taithí acu
orthu. Sa tsraith seo gníomhaíochtaí, úsáidfimid eolas na bpáistí ar an mata, agus neartóimid na scileanna sin trí nasc
a dhéanamh idir iad agus stór focal ginearálta, nithe sa seomra ranga agus baill éadaigh mar shampla. Anuas air sin,
beidh gníomhaíocht choirp agus ceol san áireamh.
Intinní foghlama:
Trí éispéiris éagsúla foghlama, ba chóir go mbeadh ar chumas daltaí...
• Uimhreacha ó 1-10 a úsáid chun nithe sa seomra ranga a chomhaireamh
• Páirt a ghlacadh i gcluichí ina bhfuil uimhreacha
• Amhrán faoi uimhreacha a chanadh
Naisc le Curaclam na Bunscoile
Réimsí agus Ábhair
Snáitheanna
Matamaitic
Uimhreacha
Oideachas Ealaíon – Ceol
Éisteacht agus freagairt
Corpoideachas
Cluichí
Gníomhaíochtaí molta
• Glaoigh an rolla, abair na freagraí in éineacht leis na páistí agus
beannaigh dá chéile
Sula dtosóimid:
An féidir leat comhaireamh i
níos mó ná teanga amháin? Ar
chuala tú amhrán cáiliúil i
dteanga eile?
• Cuireann an t-oide uimhreacha i láthair le gníomhaíochtaí ó bhéal, agus le
hábhar eile. Tugann cuireadh do pháistí éisteacht agus iad a athrá. Cuidíonn
mímeáil agus gearrthóga físe-fuaime
• Cuir uimhreacha (digití) i láthair agus déan gníomhaíochtaí a
chuireann le stór focal: meaitseáil, suimiú/dealú simplí, fíor/bréagach
• Spreag páistí chun cosúlachtaí a aithint i litriú agus i bhfuaim uimhreacha
sna teangacha atá ar eolas acu agus sna teangacha atá á bhfoghlaim acu
Curtha ar fáil ag
14
Tacaithe ag