ISL IRISH LC Primary Booklet - Flipbook - Page 11
Cuir
Fáilte Roimh Theangacha!
languagesconnect.ie
Mo Chaitheamh Aimsire
Achoimre:
Go luath agus muid ag foghlaim teanga nua, is maith linn a bheith ábalta na rudaí is maith linn agus nach maith linn
a chur in iúl. Cuideoidh an topaic seo le páistí é seo a dhéanamh maidir le caitheamh aimsire. Beidh páistí ábalta
bunnrásaí maidir lena gcaitheamh aimsire, a aithint agus a úsáid le comharthaíocht. Foghlaimeoidh siad freisin
conas rudaí is maith leo agus nach maith leo a chur in iúl. Ba chóir aird faoi leith a thabhairt ar ghothaí gnúise.
Intinní Foghlama:
Trí éispéiris éagsúla foghlama, ba chóir go mbeadh ar chumas páistí...
• Laethanta na seachtaine agus uimhreacha a aithint
• Caitheamh aimsire amháin a roinnt
• Rudaí is maith leo agus nach maith leo a chur in iúl
• Machnamh a dhéanamh ar an mbealach a ‘n-éisteann’ daoine bodhra le ceol nó leis an teilifís
• Foghlaim faoi lúthchleasaithe, ceoltóirí, aisteoirí agus araile, atá bodhar
Naisc le Curaclam na Bunscoile
Réimsí agus Ábhair
Snáitheanna
Oideachas Ealaíon - Drámaíocht
Dráma chun mothúcháin, eolas agus smaointe a iniúchadh, agus ansin
a thuiscint
Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
Mé Féin
Caitheamh Aimsire
Stór focal molta
Taobh istigh: léamh, éisteacht le ceol, féachaint ar an teilifís, damhsa, giomnáisiam, cluichí ríomhaire, xbox mar shampla, etc.
Taobh amuigh: rith, snámh, siúl, etc.
Ceisteanna:
Cén caitheamh aimsire is maith leat? Cén caitheamh aimsire nach maith leat
Cén uair a dhéanann tú an caitheamh aimsire sin? (laethanta na seachtaine)
Curtha ar fáil ag
Tacaithe ag
11