LCA-Activity Pack IRISH - Flipbook - Page 10
Ag obair le teangacha - Paca Gníomhaíochtaí do Scoláirí ATF & GCAT
Gníomhaíocht 1
‘MAIDIN MHAITH!’ - AG BEANNÚ DO DHAOINE
C ÁS OIBRE
Fuair do bhainisteoir glaoch ón bpríomhoifig
agus tá líonrith air. Tá cuairteoirí eachtrannacha
ag teacht chun na hoifige gan choinne. Tá do
bhainisteoir buartha nach dtuigfidh an fhoireann
conas déileáil le daoine ó chultúr éagsúil. Iarradh
ort dul ar líne le taighde a dhéanamh ar chultúr
na gcuairteoirí.
>
ACMHAINNÍ A BHEIDH UAIT
Peann. Gléas leictreonach le taighde a dhéanamh
air.
TOR ADH FOGHL AMA - SCILEANNA:
Déanfaidh tú machnamh ar an meas agus an
oscailteacht atá agat do dhaoine ó chúlraí agus
chultúir éagsúla. Déanfaidh tú caidreamh a bhunú
leis an bhfostóir.
Faigh amach cén chaoi a mbeannaíonn daoine
dáchéile san áit oibre/ sa ghnáthshaol sna
tíorthathíosluaite. Croitheadh láimhe, póg, 'haigh' a
rá nóbosa in airde?
Tír
Cen chaoi a mbeannaítear
do dhaoine san áit oibre?
Foirmiúil/
neamhfhoirmiúil?
Cén chaoi a ndeirtear
'Maidin mhaith'?
An tSeapáin
An Ghearmáin
An Liotuáin
An Éigipt
FÉINMHEASÚNÚ:
Tuairisceoirí 'is féidir'- cuir tic!
Is féidir liom: Beannú do dhaoine ó áiteanna
éagsúla ar domhan
Is féidir liom: Rudaí a insint faoin iompar
éagsúil i dtíortha eile
Is féidir liom: Taighde a dhéanamh
10
PRÍOMHSCILEANNA
> Scileanna taighde agus TF a úsáid
> Cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le daoine eile